RTÉ chun tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil le le linn Euro 2016

Tá sé fógartha ag RTÉ go bhfuil sé i gceist acu rogha tráchtaireachta i nGaeilge a chur ar fáil do chluichí na hÉireann le linn an chomórtais

Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Beidh tráchtaireacht teilifíse i nGaeilge ar mhórchluichí sacair na hÉireann ar fáil den chéad uair riamh le linn Chraobh na hEorpa an mhí seo.

Cuirfidh foireann Martin O’Neill tús lena bhfeachtas in aghaidh na Sualainne ar an 13 Meitheamh agus tá i gceist  ag RTÉ rogha tráchtaireachta i nGaeilge a chur ar fáil ar RTÉ2 don chluiche sin, agus do na cluichí eile a bheidh ag Éirinn sa chomórtas.

Beidh an rogha idir tráchtaireacht i nGaeilge nó i mBéarla ar fáil ar ardáin Saorview agus Sky, mar a bhí nuair a cuireadh an rogha chéanna ar fáil den chéad uair riamh le linn chluichí ceannais peile agus iomána na hÉireann i mí Mheán Fómhair seo caite.

Deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, go bhféadfadh níos mó ná trí chluiche a bheith i gceist leis an dtráchtaireacht Ghaeilge sa chás go n-éireodh go maith leis an bhfoireann.

“Tá muid thar a bheith sásta go bhfuil muid in ann tráchtaireacht i nGaeilge a chur ar fáil d’ócáid spóirt chomh suntasach le Craobh Sacair na hEorpa agus tá súil againn go mbeidh údar againn tráchtaireacht a dhéanamh ar níos mó an chéad trí chluiche má éiríonn leis an bhfoireann an ceann is fearr a fháil ar an ngrúpa ina bhfuil siad,” a deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire.

Níos luaithe i mbliana chuir an blagadóir Concubhar Ó Liatháin tús le hachainí ar líne inar iarradh ar RTÉ tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil don chomórtas. 251 duine a shínigh an achainí sin.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire ag an am go raibh RTÉ ag iarraidh “ceisteanna teicniúla” a shárú agus iad ag fiosrú bealaí ina bhféadfaí tráchtaireacht RTÉ Raidió na Gaeltachta a cheangal le craoladh teilifíse ach is seirbhís ar leith a bheidh á craoladh anois ar RTÉ2 agus an tráchtaire agus craoltóir teilifíse, Garry Mac Donnacha, i mbun na tráchtaireachta.

Mar chuid de Phlean Gaeilge RTÉ, a seoladh anuraidh, cuireadh rogha tráchtaireachta i nGaeilge ar fáil do chluichí ceannais CLG na bliana seo caite. Tá sé i gceist cur leis an tseirbhís sin i mbliana agus an rogha chéanna a chur ar fáil do chluichí leath-cheannais agus cluichí ceannais iomána agus peile na hÉireann.

Fág freagra ar 'RTÉ chun tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil le le linn Euro 2016'

  • Seosamh Breathnach

    An mbeid sé ar fáil ar lína agus le UPC nó Virgin mar atá sé anois?

  • Liamo

    Iontach fair play do RTE agus do Conchubhar a chur feachtas ar siúl

  • Shane

    Amháin i dteilifís (sin in Éirinn amháin a bheas ar fáil) – nó ar an raidió (le haghaidh na nGaeilgeoirí thar lear) chomh maith ???

  • Iasan Ó Riabhaigh

    Scór iontach é seo.Gabh isteach ann!!