Slí Draíochta an Ghá Ghréine – ríomhleabhar nua idirghníomhaíoch Gaeilge ar fáil

Tá fáil anois ar ríomhleabhar idirghníomhach Gaeilge nua do pháistí. Labhair Tuairisc.ie le húdar an leabhair Marion Rose McFadden.

unnamed-4

Tá fáil ar iTunes ar Slí Draíochta an Gha Ghréine le Marion Rose McFadden – leabhar idirghníomhach i nGaeilge do leanaí. Scéilín sí is ea Slí Draíochta na Gha Ghréine faoi chailín óg, Nóra, a aismíonn na síoga agus í amuigh ag spraoi lena haintín Róisín.

Is éard atá i gceist le ‘leabhar idirghníomhach’ ná leabhar a léitear ar thaibléad ar nós an Kindle nó an iPad a bhfuil insint béil taifeadta ar an scéal agus beochan ar na pictiúir.

“Má chuireann an leanbh lámh ar an leathanach, beidh sé in ann beireacht ar na síoga nó na bolgáin a phléascadh, nó má bhrúnn sé an carachtar, cloisfidh sé guth an charachtair sin.

“Ní cartún é go baileach ach bíonn rudaí ag bogadh thart ar an scáileán ar nós na báistí nó balún. Tá an focal scríofa os do chomhair ach tá an rogha agat éisteacht leis an scéal freisin,” a mhínigh an t-údar.

Foilsíodh an leagan Béarla roimh an Nollaig agus d’oibrigh Marion Rose in éineacht le Anna Nic Laifteartaigh agus Caoimhe Ní Chonchoille ar an leagan Gaeilge. Ní aistriúchán díreach atá san eagrán Gaeilge mar bhí Marion Rose ag iarraidh go mbeadh an rím agus an greann céanna sa Ghaeilge is atá sa leagan Béarla.

Tá an-spéis ag Marion Rose, ar as Tír Chonaill di,  in oidhreacht Cheilteach na hÉireann. Scríobh sí an leabhar go gcuirfeadh sí an t-aos sí in aithne d’óige na hÉireann agus súil aici athbheochan a dhéanamh ar an oidhreacht sin.

Tá an leabhar dírithe ar leanaí idir sé agus ocht mbliana d’aois ach, dar le Marion Rose, tá spéis léirithe ag leanaí chomh hóg le trí bliana d’aois agus chomh sean le trí bliana déag d’aois sa ríomhleabhar mar gheall ar an taobh idirghníomhach de.

“Is teanga bheo í an Ghaeilge labhartha agus léiríonn Slí Draíochta an Gha Ghréine é sin. Bhí mé ag iarraidh an leabhar a chur ar fáil i nGaeilge mar is cuid dár dtraidisiún iad na scéalta seo; léiriú cultúir ar bhealach comhaimseartha.

“Is í Caoimhe Ní Chonchoille a thug a guth don leabhar agus cuireann sí go mór leis an insint. Creidim sa méid a chreid na draoithe – go maraítear an focal a scríobhtar agus cabhróidh an cineál seo ruda (leabhair idirghníomhacha) le slánú na teanga,” a dúirt Marion Rose le Tuairisc.ie.

Tá fáil ar an leabhar nua ar Kindle agus ar iTunes agus seolfar go hoifigiúil é mar chuid de Sheachtain na Gaeilge in Ollscoil Naomh Muire i mBéal Feirste ar 5 Márta. Tá an dara leabhar sa tsraith scríofa ag Marion Rose McFadden cheana féin agus tá sí ag súil lena fhoilsiú i mbliana.

 

 

Fág freagra ar 'Slí Draíochta an Ghá Ghréine – ríomhleabhar nua idirghníomhaíoch Gaeilge ar fáil'

  • Tuigim

    Ins sna scoileanna ar fud na tíre beidh páistí ag canadh
    ♫ Naomh Pádraig […] ‘Sé do chloígh na draoithe, Croíthe dúrtha gan aon mhaith♫

    Stair?
    Nó Iompúchán & Bolscaireacht?

    Ardmholadh do Marion Rose a thuigeann ár gcultúr.
    Leabhar álainn.

    Na Ceiltigh abú!