Éacht aisteoireachta ó Bhríd Ní Neachtain agus Beckett thar barr ar Inis Oírr

Mairfidh Winnie Bríd Ní Neachtain agus léiriú Company SJ de Laethanta Sona Samuel Beckett i gcuimhne na ndaoine a chonaic é agus beidh siad mar shlat tomhais ag léiriúcháin den dráma as seo amach

Éacht aisteoireachta ó Bhríd Ní Neachtain agus Beckett thar barr ar Inis Oírr

‘Laethanta Sona’ le Samuel Beckett
Aistrithe ag Micheál ó Conghaile, stiúrtha ag Sarah Jane Scaife
Inis Oírr

‘Cúlbhrat i stíl trompe l’oeil le cur i gcéill go bhfuil machaire agus spéir leanúnach ann a nascann lena chéile i bhfad i gcéin.’

Ní cúlbhrat ag cur i gcéill atá anseo ach an tírdhreach féin. Mar a mhol Yeats do Synge dul go hÁrainn, tá Beckett sa Chreig: Laethanta Sona, le Company SJ, i gcomhar le hAmharclann na Mainistreach, stiúrtha ag Sarah Jane Scaife, báite i dtírdhreach agus i dteanga Inis Oírr.

Ní ar an gcreig – leaca loma aolchloiche a bhfuil scailpeanna eatarthu ina bhfásann luibheanna agus bláthanna – ach ag Áras Éanna a chruinnigh an lucht féachana, a rinne a mbealach ansin chuig coirnéal thiar theas an oileáin, súil in airde againn go bhfeicfeadh muid dúinn féin an cnocán aolchloiche, a chuaigh i bhfeidhm orainn i dtosach in íomhá shonrach aondathach, lán leathanaigh ar chúl chlár an léirithe. Inár suí ar bhlocanna cloch, a bhí leagtha amach mar a bheadh clár fichille ag fir an oileáin, a rinne an cnocán a dhear Ger Clancy, is ar Winnie a bhí ár súile dírithe.

Í neadaithe go básta i gceartlár an chnocáin, ina codladh, a géaga loma sínte amach os a comhair, a cloigeann leagtha anuas orthu. Mála mór dubh ar a taobh clé, a dtógann sí a cuid earraí aníos as  – scuab fiacaile, scuab gruaige, scáthán láimhe, spéaclaí, buidéal cógais, boiscín ceoil, a chuireann ag machnamh go haoibhinn seachránach í ar bhrí na beatha.

Parasól ar a taobh deas, nach luaitear dath leis sna treoracha stáitse. Dearg atá sé sa léiriú seo, mar a bhíodh na sciortaí a bhí á gcaitheamh fós ag mná an oileáin an t-am a scríobhadh an dráma seo. Ní fheictear de ghúna Winnie ach an chabhail a roghnaigh Sinéad Cuthbert mar gheall ar chosúlacht na mbláthanna air le bláthanna an oileáin.

Dráma faoi chaidreamh daonna, faoi riachtanas gach guth a labhraíonn go gcloisfí é is ea Happy Days ach baintear casadh faoi leith as mórshaothar domhanda nuair a chloistear é i dteanga an phobail ina léirítear é.  Cinneadh maith lipéad an bhuidéilín agus fógraí an nuachtáin a fhágáil i mBéarla. Ach an chaint, an chanúint, ó Mhicheál Ó Conghaile, scríbhneoir, agus Bríd Ní Neachtain, aisteoir, arb as Conamara dóibh beirt, tagann sciatháin fúithi agus éiríonn sí ar an aer. 

Leaganacha agus dul na cainte, ag teacht le cumas Beckett macalla an uilíochais a bhaint as an rud sainiúil. Is deacair ceal spáis samplaí a lua, ach tá Laethanta Sona ar fáil i leabhar gleoite, an-soléite, foilsithe ag Arlen House.

Ba léir, agus an slua ag imeacht, chomh tógtha is a bhí siad leis an léiriú, oileánaigh a dúirt gur aithin siad iad féin i Winnie, scoláirí idirnáisiúnta ar Beckett agus aisteoirí nach raibh Gaeilge acu, a shil deoir agus a dúirt go ndeachaigh an bosca ceoil agus an t-amhrán sa dara gníomh i gcion orthu ar bhealach nach ndeachaigh riamh roimhe.   

Is é Laethanta Sona (1961) an dráma deireanach de cheithre mhórdhráma Beckett – tar éis Waiting for Godot (1952), Endgame (1957), Krapp’s Last Tape (1958) – agus an t-aon cheann acu a bhfuil príomhpháirt ann do bhean. Sa ‘bhuaicpháirt’ seo, mar a thug Dame Peggy Ashcroft air, léiríonn Bríd Ní Neachtain réimse fíorleathan mothúchán, le gluaiseacht lámh, géag agus cloiginn an damhsóra bailé, le rithim, le hathrá agus le hiontonú glóir, fiú san iliomad bealaí a deir sí an t-ainm Willie.

Raymond Keane atá sa pháirt sin, é ina thost agus as amharc formhór an ama, hata tuí agus veist air sa chéad ghníomh, hata ard dubh agus culaith tráthnóna sa dara gníomh. Tá saontacht ag baint le Willie, lena únfairt, lena chuid léitheoireachta, leis na freagraí fánacha uaidh, contrárthacht a bheireann ar an uaigneas nach bhfuil leigheas air.   

‘I have measured everything with it since,’ a scríobh Derek Mahon, ag cuimhneamh dó ar an aolchloch agus ar sholas na farraige, tar éis cuairte ar Inis Oírr. Mairfidh Winnie Bríd Ní Neachtain agus léiriú Company SJ de Laethanta Sona i gcuimhne na ndaoine a chonaic é agus beidh siad mar shlat tomhais ag léiriúcháin den dráma as seo amach.

Fág freagra ar 'Éacht aisteoireachta ó Bhríd Ní Neachtain agus Beckett thar barr ar Inis Oírr'

  • Cluain Sceach

    Ana-léirmheas.